Guy de Maupassant
Scríbhneoir Francach ab ea Henri René Albert Guy de Maupassant (5 Lúnasa 1850 – 6 Iúil 1893). Do rugadh é i ''château'' Mhiromesnil, ''château'' atá suite i dTourville-sur-Arques, agus do fuair sé bás i bPáras na Fraince.Cara de chuid Ghustave Flaubert agus Émile Zola ab ea Maupassant, scríbhneoir a d'fhág an-lorg ar litríocht na Fraince de bharr na n-úrscéalta - úrscéalta ar nós ''Une vie'' (1883), ''Bel-Ami'' (1885) agus ''Pierre et Jean'' (1887-1888) - agus na ngearrscéalta dá chuid. Deirtear gurbh é ba mhó a chuir an gearrscéal chun cinn sa Fhrainc agus tá an-chlú go deo ar ghearrscéalta de chuid Mhaupassant sa lá atá inniubh ann fós. I measc na gcnuasach gearrscéalta a foilsíodh, is iad ''Boule de suif'' (1880), ''Contes de la bécasse'' (1883) agus ''Le Horla'' (1887) na cnuasaigh is iomráití.
Ainneoin an mhéid a scríobh sé, ní raibh Maupassant ina scríbhneoir ach ar feadh deich mbliana amháin - .i. ón mbliain 1880 go dtí an bhliain 1890 -, do fuair an íorthacht dianghreim air ag deireadh na tréimhse sin agus ní raibh sé in ann scríobh a thuilleadh. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3
-
4
-
5
-
6
-
7
-
8
-
9
-
10
-
11
-
12
-
13
-
14
-
15
-
16
-
17
-
18
-
19
-
20
- 1
- 2
- 3
- 4
- Ar aghaidh
- [4]