Isabel Allende

Scríbhneoir Sileach is ea Isabel Allende (foghraíocht in IPA: isaˈβel aˈʝende) a rugadh ar 2 Bealtaine 1942. Tá sí aitheanta as a cuid úrscéalta, ina mbíonn gnéithe den réalachas draíochta le feiceáil, úrscéalta mar ''La casa de los espíritus'', ("teach na dtaisí", 1982) agus ''La ciudad de las bestias'' ("Cathair na mbrúideanna", 2002). Bíonn díol maith ar a cuid leabhar. "An t-údar Spáinnise ar domhan is mó a léitear" a thugtar uirthi. Sa bhliain 2004, glacadh Allende isteach insan American Academy of Arts and Letters, agus sa bhliain 2010, fuair sí Gradam Náisiúnta na Litríochta sa tSile. Bhronn an tUachtarán Barack Obama Bonn Shaoirse an Uachtaráin uirthi sa bhliain 2014.

Bunaíonn Allende a cuid úrscéalta go minic ar a saol féin agus ar eachtraí stairiúla. Tugann siad ómós do shaol na mban, agus miotais agus réalachas fite fuaite lena chéile. Tá léachtaí tugtha ina lán áiteanna sna Stáit Aontaithe aici.

Sa bhliain 1993 ghlac sí saoránacht Mheiriceánach. Tá sí pósta ar fhear Meiriceánach, agus táid ina gcónaí i gCalifornia ón mbliain 1989 i leith.

Rugadh Allende mar Isabel Allende Llona in Líoma, Peiriú, mar a raibh a hathair, Tomás Allende, ina dhara-rúnaí in ambasáid na Sile. Ba chol ceathair leis é Salvador Allende, Uachtarán na tSile ó 1970 go 1973. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 20 toradh á dtaispeáint as 189 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Isabel Allende', am iarratais: 0.01s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
    de réir Isabel Allende
    Foilsithe / Cruthaithe 2002
    Ver na biblioteca
  8. 8
  9. 9
    de réir Isabel Allende
    Foilsithe / Cruthaithe 2005
    Ver na biblioteca
  10. 10
    de réir Isabel Allende
    Foilsithe / Cruthaithe 2016
    Ver na biblioteca
  11. 11
  12. 12
    de réir Isabel Allende
    Foilsithe / Cruthaithe reimp.2016
    Ver na biblioteca
  13. 13
    de réir Isabel Allende
    Foilsithe / Cruthaithe 2014
    Ver na biblioteca
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
    de réir Isabel Allende
    Foilsithe / Cruthaithe 1999
    Ver na biblioteca
  18. 18
  19. 19
    de réir Isabel Allende
    Foilsithe / Cruthaithe D.L. 1996
    Ver na biblioteca
  20. 20