José Saramago
Scríbhneoir, drámadóir, iriseoir, úrscéalaí agus file Portaingéalach ab ea José de Sousa Saramago (1922 – 2010). Do rugadh é ar an 16ú lá de Shamhain in Azinhaga na Portaingéile agus do fuair sé bás ar an 18ú lá de Mheitheamh i dTías, baile atá suite in Lanzarote, ceann desna hOileánaibh Canáracha.Bhí an-chlú agus cháil ar Sharamago lena linn. Bronnadh an ''Prémio Camões'' (Gaeilge: Duais Camões) sa bhliain 1995. Ansin, bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1998. Ba é Saramago an chéad scríbhneoir riamh a scríobhadh i bPortaingéilis dá moladh an duais seo. Is iad ''Memorial do Convento'' (1982), ''O Evangelho segundo Jesus Cristo'' (1991) agus ''Ensaio sobre a Cegueira'' (1995) cúpla ceann desna sárshaothraibh is iomráití dá chuid. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3
-
4
-
5
-
6
-
7
-
8
-
9
-
10
-
11
-
12
-
13
-
14
-
15
-
16
-
17
-
18
-
19
-
20