Théophile Gautier

File, úrscéalaí agus léirmheastóir ealaíne ab ea Théophile Gautier. Rugadh é i dTarbes, baile atá suite in iardheisceart na Fraince, ar 30 Lúnasa 1811 agus fuair sé bás i Neuilly-sur-Seine, gar do Pháras, ar 23 Dheireadh Fómhair 1872.

Cé gur i dTarbes a rugadh é, is i bPáras a chaith Théophile Gautier formhór a shaoil agus meastar gur scríbhneoir Párasach ab ea é.

Chuir Gautier aithne ar Ghérard Labrunie, fear a bhainfeadh clú agus cáil amach níos déanaí fén ainm Gérard de Nerval, nuair a bhíodar beirt ina ngarsún scoile. Théidís ar an scoil chéanna, an lycée Charlemagne.

Scríbhneoir bisiúil ab ea Gautier: Fara úrscéalta ar nós ''Mademoiselle de Maupin'' (1835), ''Le Roman de la momie'' (1858) nó ''Le Capitaine Fracasse'' (1863). Scríobh sé cnuasaigh filíochta - is é ''Émaux et camées'' (1852) an cnuasach filíochta is cáiliúla dá chuid -, breis is deich ngearrscéalta is fichead, agus neart léirmheasanna ar an ealaíon agus ar an gceol leis. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 13 toradh á dtaispeáint as 13 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Théophile Gautier', am iarratais: 0.01s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
    de réir Théophile Gautier
    Foilsithe / Cruthaithe [D.L. 1976]
    Ver na biblioteca
  7. 7
    de réir Theophile Gautier
    Foilsithe / Cruthaithe [D.L. 1976]
    Ver na biblioteca
  8. 8
  9. 9
    de réir Théophile Gautier
    Foilsithe / Cruthaithe imp. 1980
    Ver na biblioteca
  10. 10
  11. 11
    de réir Theophile Gautier
    Foilsithe / Cruthaithe 1973
    Ver na biblioteca
  12. 12
  13. 13
    de réir Théophile Gautier
    Foilsithe / Cruthaithe [s.d.]
    Ver na biblioteca