Ivan Bunin
Scríbhneoir Rúiseach ab ea Ivan Alekseyevich Bunin (, traslitriú scolártha: ''Ivan Alekseevič Bunin''). Rugadh in Voronezh é ar an 10 Deireadh Fómhair 1870 de réir Fhéilire Iúil a bhí in úsáid sa Rúis san am, nó ar an 22 Deireadh Fómhair de réir Fhéilire Ghréagóra. Fuair sé bás i bPáras ar an 8 Samhain 1953. Bhain sé amach Duais Nobel sa litríocht roimh aon Rúiseach eile, sa bhliain 1933. Scríobhadh sé dánta chomh maith, ach ba é an saothar próis a thabhaigh an duais dó. Scríbhneoir réadúil a bhí ann agus é ag tabhairt cur síos ar shaol na tuaithe sa Rúis roimh Réabhlóid Dheireadh Fómhair; bhí sé go tréan in aghaidh na réabhlóide agus an Chumannachais. Arna chur ar fáil ag Vicipéid-
1
-
2
-
3
-
4
-
5
-
6
-
7
-
8
-
9